School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann am amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe ar an chéideadh. Ba gnathach leis a bheith ag áirnéal fá na toighthe sa chomharsanacht achan oidhche. Ach an oidhche seo nuair a bhí sé gabhail na bhaile, casadh an bhean air, labhair sé leithe ach ní chug sí freagra ar bith air. An dara h-oidhche gabhail na bhaile do, casadh air aríst í. Labhair sé léithe, ach níor labhair sise ar chor ar bith, agus bhí sé sgannruigh ní na h-iongadh. An tríomhadh oidhce bhí sí ag siubhail le na thaobh, dar leis fhéin béidh fhios agam-sa cé thú, agus tharraing sé an seal anuas de na ceann, agus dubhairt sí leis go mbéadh daor air
Fá thuairim mí no mar sin na dhiaidh, Bhí lá an aonaigh ar an Clochán Liath agus bhí sé ann, agus nuair a tháinig an oidhce ní rachfadh sé na bhaile leobhtha, agus d’imhthigh sé amach bealach na gnoc, agus ag an loch-shalach, tháinig an bhean air agus thiocfadh le brighidh ní gabharán an sgreadach a chluinstin agus i na luighe ar a leabhaidh i bpoll cró bheithe. Ar maidín nuair a bhí na scolairí ag gabhail na scoile fuair siad é ar carnán cloch giota o’n bhealach mhór. Tá na clocha le feiceail san áit go foill go maith agus bhí ariamh, agus tá sé ar áit go h-uaigneach agus shiubhail duine ariamh.- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Loch Achair, Co. Donegal