School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 97

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 97

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 97
  3. XML “Seac na Luatha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rí ann fadó, agus chuir sé amach fógra go dtabhairfeadh se deóntas púnta do dhuine ar bhith a dtiocfad leobhta a nighean a faghail. Tháinig achan nduine (ad) agus thoisigh an cuartughadh ach ní thiocfadh le duine ar bith í a fhaghail. Fá dheireadh tháinig Jack na luath, agus fuair sé fiadh óir deánta agus chuaidh sé isteach ann, agus fuair sé feor eile annsin le é iomcar thart ar chaisleán an ríogh. Chonnaic an (p) ríogh an fhiadh, agus ba mhaith leis é fhaghail, acht ní thabhairfeadh síad uatha é, agusa (d) sa deireadh cheannuigh (siad) sé é, agus tug sé isteach go dtí an nighean é. D’imthigh sé suas an staighre, agus tamhall indiaidh b’éigean do teacht anuas arís, no chuir Jack a cheann amach as an fiadh, agus leig sise sgréad, agusn chualaidh an rí í. Chuir sé ceist úirthí, caide bhí cearr agus dubhairt sí go rabh an diabhal sa teach. D’amharc an Rí thart ar an fhiadh uilig agus ní thiocfadh leis poll ar bith a feiceal, d’imthigh sé suas an staighre arís agus chuir Jack a cheann amach arís, agus leig sí sgréad eile agus táinig an Rí anuas arís. Bhí gléas ag Jack ar an thaobh istoigh le glás a chur air sa doigh nach n-aithneochadh duine go rabh doras air. D’amarc an rí thart agus thart ar an fhiadh, ach dá mbéadh sé ag amharc go dtigeadh lá mhór an bhreitheamhnais ní bfhuigheadh sé poll air. Annsin dubhairt sé leithe dá leigeadh sí an dara sgréad go sgaoilfeadh sé í. An t-am seo chuir sé amach a cheann thoisigh sé a chomhrádh léithe. Níorb’ fada gur imthigh sé amach ar an doras agus ní rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Micheál Mac Amhlaidh
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal