School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 39

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 39

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 39
  3. XML “Domhnall Mac na Baintrí agus na Sióga Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann i bhfad ó shoin, darbh ainm Domhnall Mhac na Baintreabhaige. Ní rabh sa teach aige ach a mháthair, agus bhí siad na gcomhnuidhe chois Gleann. Bhí sidheoga i mbinn sa ghleann. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le na Mháthair go rabh sé gabhail síos go bhfeiceadh sé cáidé bhí na daoine-beaga déanamh.
    Nuair a chuaidh sé annsin, bhí na daoine-beaga ag gabhail siar go Connachta, le cailín a fhuadach. Ní rabh siad abálta í a thabhairt leobhtha, ar an ádhbhar go rabh sí beannuighthe. Chuir siad ceist ar Dhomhnall an rachadh sé leobhta agus an ghiorsach a fhaghail dhaobhta.
    Dubhairt Domhnall go rachadh agus fáilte da bhfaghadh sé gléas marcaidheacht ar bith. Ní dhearn fear de na daoine-beaga acht buclán buidhe a tharraingt as an talamh agus rinne sé beathach de. D’imthigh siad ar chosa n-áirde agus ní thearn siad stad mara no mór chomhnuidhe go rabh siad i gConnachta. Nuair a chuaidh siad annsin bhí an ghiorsach amuigh sa bhoitheach ag blighe na bó. Chuaidh Domhnall isteach agus thug an ghiorsach amach, chuaidh sí suas ar a chulaibh agus tháinig aniar go dtí an bhinn. Nuair a tháinig shiad fhad leis an bhinn ní thabharfadh Domhnall an ghiorsach daobhtha, agus ní thearn fear de na daoine beaga acht a lámh a tharraingt agus bhuail frid an bhéal í, agus d’fág bodhar boladh í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Informant
    Gráinne Nic Cnaimhsighe
    Gender
    Female
    Age
    36
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal