School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 8
  3. XML “Mar Fuair Loch Finne a hAinm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa t-sean am bhí fear ina chomhnuidhe idir an Dubhcarraigh agus Baile na Finne. Bhí nighean aige agus ba é an t-ainm a bhí uirthí Finn, agus bhí mac aige fosta d’arb ‘ainm “Fardhómhan”. Duine aistigheach a bhí i Fardhómhan mar bhí sé easumhail o nadúir - an rud a d’iarrfaidhe air a dheánamh ní dhéanfadh sé é, agus an rud a d’iarrfaidhe air gan a deánamh ba e sin an rud a deánamh sé. Ach bhí sé ina gaisgidheach iongantach maith agus bhíodh an láimh as bárr aige i gcomhnuidhe i gcomórtaisí dornála, corraidheachta agus iománaidheachta. Bhí sé ar fheabhas ag reathaigh, ag snámh, ag léimnigh, ag caitheamh an mheadhchain, agus cluithche eile mar sin. Tugadh Gleann Leithín ar an áit a rabh siad ina gcomhnuidhe, agus Cruach Leithín ar an chnoc. Bá gnathach leis fhéin agus le na thrí mhádadh an chuid a b’mhó de’n am a chaitheamh. Ag seilg fá na gleanntáin ag ruaghadh corrfiadh fá na h-árdáin agus ag breith ar bhric agus ar brádáin fá na lochannaibh na h-aibhneacha, agus na srútháin
    Shuaimhneacha sléibhe i n-iargcúltacht na gcnoc. Is iomhdha uair a tháinig an fhiann as Almúin le seal fiadhaigh a chaitheamh fa’n chompoll ceadhna.
    Bá iadsan a d’innis do go mbhéadh Féis i dTeamhar na Ríogh i n-aithghiorracht i na dhiaidh sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dominic Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seán Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Doocarrick, Co. Donegal