Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 43

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 43

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 43
  3. XML “Tairngreacht Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá bearrach le bheith tíos i dtóin Innis-Eoin. Ní bheidh sé duirtha coidhche, agus an oidhche seo ag an meadhon-oidhche, cluinfhear í ag búithrí. Iarrfaidh an t-athair ar an mac is sinne ghabhail amach, ní racaidh sé. Iarrfaidh sé ar an tríomadh mac ghabhail amach, Rachaidh seisean amach, agus béidh a bolg ag cuir thar na druim a nídh réidh le réabadh agus a bhéal bán le cabhair.Tiocfaidh se isteach agus innseochaidh sé seo, do na athair. Deirfidh seisean go bhfuil long ar seachrán ar Loch Suilighthe agus a dhul agus iad a threorughadh an bhealach ceart.
    Tá bean ruadh le bheith posta thíos i dtoin Ranna Fearsde, agus ar maidín le dearg a' dá néal téidhfidh sí na bádaí caola dubha teacht isteach. Tá sí le iarraidh a tabhairt ar na cnuic, agus scéala a thabhairt do achan dhuine is feidir leithe. Leanfaidh na daoine í go ball-bán, poll cró bheithe. Nuair a thiocfas na saighdiúiri fad leobhtha, tuitfhidh an ceannphort í ngrádh le cailín ruadh, a bhéas ina measg, agus iarrfaidh sé ar na saighdiúrí dhul thart an bealach eile.
    Caithfidh na mathrachaí dhul amach agus na páistí a fhágail na luighe 'sna cliabháin, tiocfaidh na Sasanaigh isteach agus beidh na paistí ag gairidhe agus ag cuideachta leo, agus bhí truaighe aca in a croidhe daobhtha.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall