School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chrann” arsa seisean le na mhathair.
Annsin d’imthigh an doctúir na bhaile fá choinne an t-seag agus [chan]? giota goirid a bhí aige le dhul ach giota fada.
D’fan máthair an doctúra ag bun an chrann ag fanacht ar an teacht arís. Bhí cuid mhór ubhlaí ag fás ar an chrann agus thoisigh na giorrsachaí uirthí gur mharbh siad í.
D’fan na giorrsachaí thuas ins an chrann i rith an ama. San deireadh tháinig an doctúir agus an t-seagh leis. Nuair a chonnaic sé go rabh a mhathair marbh tháinig fearg air agus thoisigh sé a ghearradh an chrainn go gasta agus thiocfadh leis. Ghearr sé leis ar an chrann go rabh chuid mhór de gearrtha anuas aige. Ach nuair a bhí an chrann gearrtha aige ach rud beag baoideach thuit an chrann anuas ar a mhuinneal agus briseadh é.
Annsin bhí na giorrsachaí ceart go leor nó bhí fhios aca go dtiocfadh leo a ghabhail na bhaile anois no nach rabh duine ar bith le ghabhail na ndiaidh.
Thug siad leobhtha an dá bheathadhach agus an charr a bhí ag an doctuir agus char stad siad go rabh siad ins an bhaile. Annsin d’innis siad do na h-athair ó thús(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Dubhthaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal