Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “An Leasmháthair agus Níonacha an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chrann” arsa seisean le na mhathair.
    Annsin d’imthigh an doctúir na bhaile fá choinne an t-seag agus [chan]? giota goirid a bhí aige le dhul ach giota fada.
    D’fan máthair an doctúra ag bun an chrann ag fanacht ar an teacht arís. Bhí cuid mhór ubhlaí ag fás ar an chrann agus thoisigh na giorrsachaí uirthí gur mharbh siad í.
    D’fan na giorrsachaí thuas ins an chrann i rith an ama. San deireadh tháinig an doctúir agus an t-seagh leis. Nuair a chonnaic sé go rabh a mhathair marbh tháinig fearg air agus thoisigh sé a ghearradh an chrainn go gasta agus thiocfadh leis. Ghearr sé leis ar an chrann go rabh chuid mhór de gearrtha anuas aige. Ach nuair a bhí an chrann gearrtha aige ach rud beag baoideach thuit an chrann anuas ar a mhuinneal agus briseadh é.
    Annsin bhí na giorrsachaí ceart go leor nó bhí fhios aca go dtiocfadh leo a ghabhail na bhaile anois no nach rabh duine ar bith le ghabhail na ndiaidh.
    Thug siad leobhtha an dá bheathadhach agus an charr a bhí ag an doctuir agus char stad siad go rabh siad ins an bhaile. Annsin d’innis siad do na h-athair ó thús
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Dubhthaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall