Fá thuairim seachtmhain no mar sin bhí mé ag áirneál i dteach ar na h-agallaí, agus í lar an chomhraidh thoisigh siad a chainnt fá óir átá curta i Mín Doire dhá thoirc, taob thuas de theach an dártaín. Tá crok óir agus eascoin nimhe thart fa bhéal an chrok, agus maide giumhais le na thaobh. Nocht an maide am amháin agus chonnaic seanduine é, sháith sé a bhata ann le aithne a chuir air an áit ach nuair a chuaidh sé a amharc ar an áit lá thar na bharach, ní rabh bata nó maide le Feiceail. Rinn bean brionglóid air ar feadh dhá oidhche, agus ar an tríomadh lá leig sí an cat as an mhála, agus dá gcoinneochadh sí an bhrionglóid aicí féin agus gan a ghach leigint uirtí go dtí an ceathramhadh lá ach ar an droch uair dithe b’feidir go dtearn sí an rud ceart, nó tá sé ráidte go bhfuil marbadha duine ar an n-eascoin.
Fosta i Mín - Leac - na leabhar fuaireas pota óir. Ba é giorrsach a bhí thall i meirica a rinn an bhrionglóid agus tháinig sí fhéin agus a h-athair go h-Eireann agus go Mín Leach na leabhair, nuair a tháinig siad go dtí an áit
(leanann ar an chéad leathanach eile)