Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa t-sean am bhí fear ina chomhnuidhe idir an Dubhcarraigh agus Baile na Finne. Bhí nighean aige agus ba é an t-ainm a bhí uirthí Finn, agus bhí mac aige fosta d’arb ‘ainm “Fardhómhan”. Duine aistigheach a bhí i Fardhómhan mar bhí sé easumhail o nadúir - an rud a d’iarrfaidhe air a dheánamh ní dhéanfadh sé é, agus an rud a d’iarrfaidhe air gan a deánamh ba e sin an rud a deánamh sé. Ach bhí sé ina gaisgidheach iongantach maith agus bhíodh an láimh as bárr aige i gcomhnuidhe i gcomórtaisí dornála, corraidheachta agus iománaidheachta. Bhí sé ar fheabhas ag reathaigh, ag snámh, ag léimnigh, ag caitheamh an mheadhchain, agus cluithche eile mar sin. Tugadh Gleann Leithín ar an áit a rabh siad ina gcomhnuidhe, agus Cruach Leithín ar an chnoc. Bá gnathach leis fhéin agus le na thrí mhádadh an chuid a b’mhó de’n am a chaitheamh. Ag seilg fá na gleanntáin ag ruaghadh corrfiadh fá na h-árdáin agus ag breith ar bhric agus ar brádáin fá na lochannaibh na h-aibhneacha, agus na srútháin
Shuaimhneacha sléibhe i n-iargcúltacht na gcnoc. Is iomhdha uair a tháinig an fhiann as Almúin le seal fiadhaigh a chaitheamh fa’n chompoll ceadhna.
Bá iadsan a d’innis do go mbhéadh Féis i dTeamhar na Ríogh i n-aithghiorracht i na dhiaidh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dominic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúcharraig, Co. Dhún na nGall