Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- XML Leathanach 39
- XML “Domhnall Mac na Baintrí agus na Sióga Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann i bhfad ó shoin, darbh ainm Domhnall Mhac na Baintreabhaige. Ní rabh sa teach aige ach a mháthair, agus bhí siad na gcomhnuidhe chois Gleann. Bhí sidheoga i mbinn sa ghleann. Oidhche Shamhna amháin dubhairt Domhnall le na Mháthair go rabh sé gabhail síos go bhfeiceadh sé cáidé bhí na daoine-beaga déanamh.
Nuair a chuaidh sé annsin, bhí na daoine-beaga ag gabhail siar go Connachta, le cailín a fhuadach. Ní rabh siad abálta í a thabhairt leobhtha, ar an ádhbhar go rabh sí beannuighthe. Chuir siad ceist ar Dhomhnall an rachadh sé leobhta agus an ghiorsach a fhaghail dhaobhta.
Dubhairt Domhnall go rachadh agus fáilte da bhfaghadh sé gléas marcaidheacht ar bith. Ní dhearn fear de na daoine-beaga acht buclán buidhe a tharraingt as an talamh agus rinne sé beathach de. D’imthigh siad ar chosa n-áirde agus ní thearn siad stad mara no mór chomhnuidhe go rabh siad i gConnachta. Nuair a chuaidh siad annsin bhí an ghiorsach amuigh sa bhoitheach ag blighe na bó. Chuaidh Domhnall isteach agus thug an ghiorsach amach, chuaidh sí suas ar a chulaibh agus tháinig aniar go dtí an bhinn. Nuair a tháinig shiad fhad leis an bhinn ní thabharfadh Domhnall an ghiorsach daobhtha, agus ní thearn fear de na daoine beaga acht a lámh a tharraingt agus bhuail frid an bhéal í, agus d’fág bodhar boladh í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Gráinne Nic Cnaimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 36
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall