Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 42

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 42

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 42
  3. XML “Scéal fá Dhónall Ó Conaill - Féasta an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rinne Ríogh na sasana réidh feasta a bfad o shoin. Thug sé cuireadh do Dhomhnall Ó Conaill agus morán daoine eile. Nuair a leagadh isteach an tabhla, agus cuireadh na cupaí air, tug an ghiorsach seirbhiseach fa dear go rabh nimh i gcupa Domhnall agus sé an rud a dubhairt sí.
    “A Dhomhnall uí Conaill an dtuigeann tú gaedilg”
    “Tuigim a chailín caidé sin is lear duit”
    “Tá rud in do cupa a mairbhfeadh na ceadtaí”
    “Ma tá sin a chailín geobhaidh tusa na ceadtaí”.
    Chuir sé a lámh ina phóca, agus chaith lán a dhiurn d’airgead gheal siar faoi’n tábla. Thug acan dhuine grab ar an airgead. Nuair a bhí siad uilig ag cruinnuí an airgid, ní thearn Domhnall ach a chupa fhéin a chuir i n-áit cupa an Ríogh. Shuidh siad uilig síos ina n-áiteanna arís. D’ith siad agus d’ól siad a saith, agus go díreach nuair a bhí an feasta cor a bheith thart, thuit an Ríogh i n-áit na mbonn. Agus ní rabh fios ag duine ar bith ach duine amháin cáidé thug a bhais ba sin Domhnall O Chonall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    2. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    36
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall