Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Sagart Coimhthíoch i gCeann Caslach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá comhaireamh agus cead bliadhain ó shoin, tháinig sagart (úr) coimhigtheach go pobal Cheann-Caslach. Tógadh sá taobh thoir de’n chondae é agus dá bhrigh sin ní rabh sé [cleachuighthe]? leis an iargcúltacht. Bhí sé de’n bháramhail go rabh bunadh na sléibhteach agus na mbeann leath i bhfiadháin.
    An chead domhnach eile, bhí teach an phobhail lán go dorais. Bá é an t-sean teach an phobal a bhí ann san am. Tamhall bliadhantach na diaidh (diad) sin, rinneadh teampoll úr, san am a dtáinig an Silesia isteach ún an cósta seo sa bliadhain 1856. Thart fán (am) t-sean teach an phobail a tógadh an t-arus úr. Nuair a cuireadh dían air leagadh an t-sean teach caitheadh amach na clocha ar an fhuinneoig, agus chuireadh balla thart ar an roilic leobhtha.
    Acht ba é -an saghart choimhightheadh - adhbhair ar gcomhraidh, agus an chead domhnach a léighidh sé aifreann ar Altar na Rosainn Iochtarach. Nuair a bhí an t-aifreann thart thionntuigh sé a aghaidh ar an phoball agus dubhairt leo’s
    “A phoball dé dheánfainn seanmhaoin
    díbh, da meosain go dtuigfeadh sibh mé”
    D’éirigh seanduine liath na sheasamh i lár an chruinnighthe agus labhair sé go fadalach ciún siosmaideach -
    “A Shagart de ma gnid sibh seanmaoin
    fa’n chreideamh, tuigfimid í agus ma gnid
    sibh seanmoin fa dia mólfaimid é”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Doiminic Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Micí Bán Ó Domhnall
    Inscne
    Fireann
    Aois
    42
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Croich Uí Bhaoill, Co. Dhún na nGall