Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “An Leasmháthair agus Níonacha an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rí agus bainríoghain (agus báin) ann aon uair amháin. Bhí (trí) triúr nighneach aca. (Bi) Fuair an bhainríoghain bás agus phós an Rí bean eile, ach bhí an leas-mhathair seo go h-iontach olc do na giorrsachaí.
    Annsin ní rabh fhios (aca) ag an Rí caidé dheánfadh sé. Ins an deireadh chuir sé isteach ar oileán iad agus bheárfadh sé biadh isteach aca achán lá. Bhí dearbhrathair ag an leas-mhathair agus fathach a bhí ann.
    Chuir an leas-mhathair sgéala chuige seo a theacht agus na giorrseachaí a thabhairt leis.
    Thiocfadh an triúr giorrsach amach achan lá agus chaoinfeadh siad a mathair a fuair bás. Annsin bheadh fhios ag an Rí go rabh an triúr aca ann ar fad. Ach maidin amháin ní tháinig amach a chaoineadh ach beirt aca. Chuir an Rí ceist ar an bhean an rabh fhios aicí caidé a bhí ar an bean eile. “O” ar sise “béidh sí ag obair fríd an teach.
    Bhí go maith as ní rabh go h-olc go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Dubhthaigh
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall