School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rith an t-iomlán an mhéid a bhí ina gcorp d’ionnsaighe an teach a dfág siad, acht ní rabh siad leath-bealaigh no dheas dó nuair a bhí siad uilig fliuch go croiceann. Maìr an t-anró agus an tuaragáin agus rith an trathnóna agus mar dubhairt an seanduine b’éigin dobhtha an oidhche a chaitheamh ar an óileán agus le na chois sin ba dhobhar gur baitheadh sagart Áranna é féin ‘s cara dó ‘s an bheirt i mbád séoltóireachta amuigh sa bhaighe, acht gur éirigh le fuirinn báid as Inis-Caorach tárrtháil a thabhairt ortha.
Tá fhios ag an t-saoghail go gcaithfidh sé gur t-seidéan-sidhe, agus leis an stoirm a tógadh go tobann sin idir na h-óileán tráthnóna chuín domhnaigh i lár an t-Shamhraidh, sin cughaib an sgéal mar a d’innis Séamus mac Cailín domh-sa é. - agus ní fear é atá tugtha dó bhréaga nó d’aidhbheile bhí sé fhéin sa lathair agus chonnaic mise an dá sgór sídheóg idir an dubhcarraigh agus an clochán liath tá bliadhain is fiche ó shoin.- Collector
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal