School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sídheogaí agus iad ar a mbealach go Cruachán Chonnachta oidhche chionn féile.
Trathnóna amáin i lár an t-Samhraidh tá sé, nó seacht de bhliadhna ó shoin. Bhí sgaifte as tír mór istoigh i N-ínis Fraoch, agus cinn siad ghabhail d’amharc ar lios na sídeoig. Bhí fear as Meiricea leo, agus dó h-iarradh air gan baint leis na cuiseógáin. “Ma tharraingeann tú ceann acu sin” arsa sean-tadhg go crith-eaglach, “Ní fhágfaidh aon duine agaibh an t-oileán anocht”. (Inis Fraoich a bhí sé a mhaoidheamh) D’amharc fear meiricea suas ar an spéir-ní raibh néal lé feiceail ó bhun na spéire thoir go luighe gréine thiar; ní rabh smid gaoithe ann a bhoggadh ribe gruaige ar dó cheann. Bhí ciúineas, ar muir agus ar thír, agus spéartaí gorma os a gcionn. Léim an yankaí isteach i lár an (cuideachta) leasa agus tharraing t-slámáin de na cuiseógáin. Thoisigh duine eigin da rabh sa cuideachtáin a dheánamh magaidh fá na pháidreacha a ba cheart a rábh i láthair na h-ócáide.
Níor mothuigheadh a gach gur fhéach fear de’n pháirtidhe siar bealach árainn. Leig sé liú as agus nuair nuair a d’amharc an mhuinntir eile thart tcídh siad cuca aniar, comhaireamh a bheith anuas ina mullach balc-dubh trom baistighe, d’éirigh an gaoth i bpreabadh na súil, siabadh an (gaoth) h-hata de’n fhear a tharraing na cuiseógáin.(continues on next page)- Collector
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal