School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 363
- XML “Niall Mac an Bháird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa Mac an Bháird.
“Goidé na h-iomadaí daoine a chonnaic mé fá’n abhainn?” arsa seisean.
“tá,” arsa Ó Domhnaill, “fear a bhí a bháthadh, an fear crionna a bhí ann.” Is mó dá chuid amaidighe a chonnaic mise nó dá chuid chríonnachta é fhéin a bháthadh,” arsa Mac an Bháird.
“Cad is ainm duit?” arsa Ó Domhnaill
“Mac an Bháird,” arsa seisean.
“Ar Bháird d’athair?” arsa Ó Domhnaill.
“Cá rabh sé árd nó íseal ach bhí sé na mhéid mheadhaonaigh,” arsa Mac an Bháird.
“Óch, tchím,” arsa Ó Domhnaill.
Shín Mac an Bháird an leitir ansin chuige agus leigh Ó Domhnaill í.
“Amharcaighidh amuigh a ghasraí,” arsa Ó Domhnaill “ar éirigh an ghealach go fóill”
“bhfuil tú brath luighe ina h-áit?” arsa Niall.
“Ní h-éad,” arsa Ó Domhnaill, “ach brath tusa a chróchadh le solus na gealaighe,”
“B’fhearr liom sin na mé a chróchadh le gad,” arsa Mac an Bháird.
Leighfidh muid cead do cinn leat go maidin ar scór ar bith,” arsa(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Fhirghil
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 62