School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 252

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 252

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 252
  3. XML “Seán agus Mac Dhomhnaill an Óir”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Scéal

    Oidhche amháin bhí an Saghart Óg Ó Domhnaill amuigh ag fear tinn. Ar a bhealach na bhaile dó bhí sé ag marcuigheacht ar chapall dubh.

    Sgéal
    Oidhche amháin bhí an Saghart Óg Ó Domhnaill amuigh ag fear tinn. Ar a bhealach na bhaile dó bhí sé ag marcuigheacht ar chapall dubh. Bhí aige le teacht aníos malaidh mhór, ach nuair a bhí sé ag tarraingt ar bharr na malacha ní rachadh an capall ní bh’fuide dó. Léim an saghart anuas dó’n chapall agus d’amharc an raibh an cruth ag imtheacht dó ach ní raibh. Le sin chualaidh sé an glór amuigh i ndíoghadh an bhealaigh mhór d’amharc sé agus chonnaic sé trí aingeal amuigh ins an uisge. Labhair an saghart leobhtha agus d’fhiafruigh dóbhtha goidé a bhí ag cur buadhartha dobhtha.
    Dubhairt siad-san go rabh an cailín fastódh a bhí aige ag dul fághail bháis an oidhche sin ar uair an dó-dhéag agus go rabh siad-san ag teacht fá choinne a h-anama, agus arsa siad-san, “is í an urnaigh a dubhairt sí le fada ariamh trí paidreacha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.