School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí i laige; caithfidh duine éiginnteacht a lámh a gheárradh agus an píosa a chaitheamh isteach ins an teinidh.” Bhí siad ag an domhan thiar fá’n am seo. Shiubhail siad leóbhtha go dtí go raibh siad i dtoigh Dhomhaill. Chruinnigh cuid mhór daoine isteach chuca an oidhche sin ar an ádhbhar go rabh damhsa ag gabhail a bheith aca. Chuaidh Mac Domhnaill a dhamhsa an cead uair.
Nuair a bhí an chead chursa deánta aca chuaidh a culaith-se le teinidh. Reath Seán an méid a bhí ina corp go dtí gur tharraing é an chulaith díthe agus gur chaith isteach ins an teinidh í. Bhí fearg ar an
Dhomhnaill cionnus gur tharraing sé an chulaith díthe ar leithéid a dhóigh agus gur chaith isteach ins an teinidh í. Bhí eagla ar a raibh astoigh ach thaisbeáin Mac Domhnaill daobhtha nar shíl seisean a dhath de.
Rinne sé an dara cúrsa ach annsin thuit sí a laige ar an urlár. D’imthigh Seán agus gheárr sé píosa de n-a láimh agus chaith isteach ins an teinidh í. Nuair a chonnaic Mac Domhnaill seo bhí oiread feirge air agus gur chaith sé sleigh ar Sheán agus gur bhain sé an ceann de. Bhí oiread buadhartha ar Mhac Domhnaill anois cionnus go dteárn sé a leithéid a rud leis an fhear a bhí comh mhaith do agus bhí Seán. Ní raibh sé ábalta Seán a thabhairt ina chruth fhéin arais, agus lá amháin cupla bliadhain ina dhiaidh seo tháinic bean mheadhon-aosta isteach chuige nuair a bhí sé leis fhéin agus dubhairt, “Bhéirfidh(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal