School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’innis sé do Sheán fosta go gcaithfeadh gach soitheach dá mbeadh aici seo a bheith deánta d’ór. Mar sin de, deánfaidh muid soithigh amach a’s an mhéid ór a bhí ag m’áthair istoigh ins an tseomra sin shíos. Nuair a bhí seo uilig deánta aca d’imthigh sé fhéin agus Seán go raibh siad ins an domhan thoir.
Bhí siad eadar dhá chomhairle anois óir ní rabh a fhios aca cá raibh an cailín óg seo ina comhnuidhe. Fá dheireadh tháinig siad go dtí tobar beag agus caidé do bharamhail a bhí ag an tobar ach an cailín agus í ag tógáil uisge i soitheach óir. Labhair sí go caoin leobhtha ach ina dhiaidh sin ní rabh cuma uirthi gur aithin sí iad. Thaisbeáin Seán na soithigh díthe go dtí go dtug siad isteach ins an bhád í, agus níor aithin sí ariamh go rabh sí ar shiubhal a’s baile, go dtí go rabh sí amuigh i lár na fairrge.
Leig Seán air fhéin go rabh sé ina chodladh go bhfeiceadh sé caidé bhéadh Mac Domhnaill agus an cailín ag cainnt air no ar aithin sí é i rith an ama. Níor chualaidh sé a dhath ach éan a bhí shuas ins an spéir ag rádh: “An chead dhamhsa a dheánfas an cailín seo ins an domhan thiar rachfadh an chulaith
a bhéas uirthi le teinidh ach ins an bhomaite caithfidh duine éiginnteacht an chulaith a bhaint díthe agus í chaitheamh isteach ins an teinidh”
Nuair a chuaidh sé giota eile chualaidh sé éan eile ag rádh:An chead oidhche a bhéas an [cailín?] seo ag damhsa rachaidh(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal