School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí dó "Ciaca is fearr leat an tuirtín mór agus mo mhallacht nó an tuirtín beag agus mo bheannacht?" Dubhairt Seán gurbh fhearr leis an tuirtín beag agus a beannacht. Thug sí dó an tuirtín agus bhí sí ag steallamh beannacht 'na dhiaidh gur ghlan sé as amharc.
Shiubhail Seán leis go dtáinig sé fhad le teach gabhann. D'iarr sé ar an ghabhainn claidheamh a dhéanamh dó, rud a rinne in easgaidh, nó ní raibh airgead ar bith ag Seán. Bhuail sé bóthar arís gur casadh fear air. Bhuail siad 'un comhraidh agus dubhairt an fear go raibh seisean ar lorg buachalla. Dubhairt Seán go raibh sé féin ar lorg maighistir. Rinne siad margadh; Seán le bheith ag buachailleacht bó.
D'innis an fear dó gur rí a bhí ann féin agus gur ghoid fáthaigh an mac amháin a bhí aige. D'innis sé fosda go raibh párus na bhfáthach comhgarach ag an áit a raibh aigesean leis an bhuachailleacht a dhéanamh(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mhac Gloinn
- Gender
- Male
- Address
- Loch Eirg, Co. Donegal