School: An Sealgán (roll number 6781)
- Location:
- An Sealgán Beag, Co. Donegal
- Teacher: Rois Ní Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sealgán
- XML Page 342
- XML “Scéal Loch Finne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach í ach fuair Ionnfath bocht bás fosda. Tugadh Éadán Ionnfaigh ar an Ait a thuit sí agus maireann na hainmneacha seo ar na háiteachaibh seo go dti'n lá indiú.
Bhí buaidh ar an Fhear Ghamhain, rud ar bith a hinnisti dó a dhéanamh dhéanadh sé a mhalairt. Lean sé an tóir in áit a dhul fhad leis an lón mar an chuid eile. hInnseadh dó go raibh sé dainnsearach dhul leis féin agus shaoil na Fianna nár bhaoghal do na trí chonairt gan an chráin a mharbhadh. Ba hé an áit a mharbhuigh an Fear Ghamhain an chráin nó ag loch agus tugadh Loch Muc ar an loch ina dhiaidh seo agus tá an t-ainm air go dti'n lá indiú.
Lean an Fear Ghamhain go bhfuair sé an dá(continues on next page)- Collector
- Rois Ní Bhraonáin
- Gender
- Female