School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 203
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(continued from previous page)bréagh, ag túiseadh agus ag innse dáthe fá’n chaora dhubh a bhí ag teacht fhad leithe leis an uile chineál bidh. Há! Há! arsa’n mháthair, b’fhurust aithne go rabh an dilleachta seo ag fághail ósta maith agus nach rabh sí i nuinighin an méid a bhí sé ag fághail sa teach seo. Ach go dtigidh tráthnóna i mbárach, ar sise, ní bhfuighidh sí morán nó gheobhaidh mise an chaora sin marbh”, arsa sise. Bhí an dílleachta ag cúl éisteacht leis an chainnt a bhí ag dul eatorra agus láthair na bhárach nuair a d’imthigh sí ‘na chnuic thoisigh sí ag caoineadh agus shuidh sí ar chúl ardáin agus í ag caoineadh léithe.
Tháinig an chaora dhubh fhad léithe agus d’fhiafruigh sí díthe caidé an fáth a rabh sí ag caoineadh. Ó, tá, arsa’n ghirrseach, tá mo leas-mháthair le tusa a mharbhadh ar an tráthnóna seo agus caidé a dheánfas mise do dhiaidh nó gheobhaidh mé bás le h-ocras.
Ó, ní bhfuigh, arsa’n chaora, ag spreidheadh an éadaigh ag na taoibh agus i bpreabadh na súl bhí bórd bréagh air.
“Ith do sháith anois”, arsa’n chaora(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín na Saileach, Co. Donegal