Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 203
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)bréagh, ag túiseadh agus ag innse dáthe fá’n chaora dhubh a bhí ag teacht fhad leithe leis an uile chineál bidh. Há! Há! arsa’n mháthair, b’fhurust aithne go rabh an dilleachta seo ag fághail ósta maith agus nach rabh sí i nuinighin an méid a bhí sé ag fághail sa teach seo. Ach go dtigidh tráthnóna i mbárach, ar sise, ní bhfuighidh sí morán nó gheobhaidh mise an chaora sin marbh”, arsa sise. Bhí an dílleachta ag cúl éisteacht leis an chainnt a bhí ag dul eatorra agus láthair na bhárach nuair a d’imthigh sí ‘na chnuic thoisigh sí ag caoineadh agus shuidh sí ar chúl ardáin agus í ag caoineadh léithe.
Tháinig an chaora dhubh fhad léithe agus d’fhiafruigh sí díthe caidé an fáth a rabh sí ag caoineadh. Ó, tá, arsa’n ghirrseach, tá mo leas-mháthair le tusa a mharbhadh ar an tráthnóna seo agus caidé a dheánfas mise do dhiaidh nó gheobhaidh mé bás le h-ocras.
Ó, ní bhfuigh, arsa’n chaora, ag spreidheadh an éadaigh ag na taoibh agus i bpreabadh na súl bhí bórd bréagh air.
“Ith do sháith anois”, arsa’n chaora(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall