School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 133
- XML “An Táilliúir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)grow", adeir sé. D'fág sé cáca san oighean ar fhágháil an tighe dó, nuair a phill sé agus nuair a bhain sé an leac de bhí geamhar ag fás anois as an cáca.
Le linn athar Phádhraic Uí Chatháin a thárluigh sé. Tá Pádhraic féin 90 bliadhan anois.An chaoi is fearr bean a thoghadh.
Ó's tusa an fear cóir shiubhlanns go leor,
Fáigh dhom seóide a bhéas agam san oidh'e,
Seo é an cómhairle a thug an fear cóir dó:
Maoin, capall ná bó, ná sanntuigh go deo
Acht innseóchaidh mé dhuit an nós a dtoghfaidh tú í.
Má bhíonn sí lághach óg, gan mhairg, gan bhrón
Stuama go leor ar a (gach) chuile shórt nidh
Tuisgineach, ró-dheas, gan iomarca bród ar bith
Sin í mo stóirín da mbeadh sí gan pinginn.Seo leagan eile a fuaireas ó Micheál O Conamhacháin ar Tháilliúr a' Mhagaidh. Deir sé gur chualaidh sé an t-amhrán uilig ó bhean as Béal Átha na Muice thall i Laincisír
"A tháilliúir a' mhagaidh ní phósfaidh mé choidhche do mhac
Acht pósfaidh mé an talamhaide a dhéanfas breagh daingean a theach
Nuair a eireóchaidh sé ar maidin a chaithfeas an siol i gceart
Nach mbéidh ag imtheacht cois doiris ag feadaighil no ruagadh cearc- Informant
- Micheál Ó Conamhacháin
- Gender
- Male