School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 106
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)plúr orthu, déantar an caca ar chuma chruinn agus cothrom timpeall orlaigh ar raimhe. Déantar ceathramhana de agus bácáiltear é san oigheann. Téightear arís é sul n-itear é. Cineál fataí - Dates, Aran Brief, Aran Victor, Kerr's Pink, Epicure
Is é Kerr's Pink an ceann is fearr ach níl aon cheann acu go maith. Bíonn na dales maith go leor ar thalamh gainnimh ach ta siad dul i ndonnacht gach uile bhliain.
Starch : Tuairim trí scór bliain ó shoin do dhéantaí starch as na fataí, Do dhéantaí é go díreach mar a mbeithfidh ag déanamh bacstaí.
Scríobtaí na fataí, dfháiscthe an t-uisce astu agus bhíodh an starch ar thóin an bháisín. Ní dhéantaí tada leis ach é a bhruith mar bruitear starch an tsiopa faoi láthair agus na léinteacha agus na bónaí a thumadh ann. Bhíodh léinteacha bána an uair sin ar na fir agus bónaí árda orthu. Nuair a thigeadh siad ón aifreann nó ón aonach bhaineadh siad díobh iad agus sheasadh léine amháin ní féidir b'féifir sula mbeadh sé riachtanach a nithe nó a dhéanamh suas arís.- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir