School: Dubhthuama (roll number 14193)
- Location:
- Dumha Thuama, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Támhais
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhthuama
- XML Page 095
- XML “An Ceantar - Ráith”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)talamh ag ceathrar tionóntaidhe.
As Tulachán Bán a chuaidh Muinntear Eachmharcaigh[?], is mac le Gárda Cósta Mánus Mac Caogáin. Tá clann le fear de Mhuinntear Cheallacháin ann acht is anuas ó Bhaile Fhiacháin a thainig sé. Ba le n-a mhnaoi an gabhaltas.Tuilleadh eolais
Na Sean-daoine. Tá 70 sean-daoine os cionn 70 bl. sa gceanntar. Tá gaedhilg agus béarla aca agus is féidir le Micheal O Grudaigh, Dubh-Thuama, Béal an Átha, Seán O Muinchille, Dubh-Thuama, Pádhraic Mag Guibhir sgéalta agus amhráin a aithris.
D'imthigheadh beirt nó triúr as gach aon teach, nó gur cuireadh stad leis an imirce, go Aimeiriceá
Tá an t-ainm luaidhte san amhrán gurab ainm dó "Roinnt an leasa" atá sgriobhtha cheana agam.
Aibhneacha: abhainn amháin - An Abhainn Mhór atá ann.
agus Lochanna: Níl ann acht loch an Droma Mhóir
Coillte: Bhí na portaigh lionta le coillte fadó mar Tá na freamacha le feiceál fos. Ar an gcladach an taobh amuigh de'n turlann tá fréamhacha móra crainn ag cruthu go raibh coill fadó san áit a bhfuil an fhairrge anois. Tá lorg iomairí amuigh ar an tráigh agus i gcuimhne na ndaoine bhí cúpla teach san áit a bhfuil gainneamh agus sáile fá láthair.- Collector
- Micheál Mac Thámhais
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraig Mac Guibhir
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumha Thuama, Co. Mayo