School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 080
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    taobh thiar de'n teach. Fuair sé treasg agus gearr sé an crann. Ní raibh aon iall aige. Chonnaic sé sean-chapall amuigh sa bpáirc. Thug sé buille dó agus mharbhuigh sé é. Bhain sé an craiceann dhe agus rinne sé iall de. Rinne sé dhá leith de'n crann, cheangail sé dá chéile íad leis an iall agus bhí súiste bláthamhail aige.
    An chéad bhuille a thug sé do'n coirce chuir sé na cuplaí amach agus leag sé an teach. Leis an dara buille a thug sé dó bhí an grán bainte as an cruaich uilig. Dhá bhuille a thugadh sé do gach cruach go raibh siad réidh aige.
    Nuair a tháinig an fear abhaile chonnaic sé barr an tighe briste agus an coice ag teacht amach ar a bhéal. Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé nuair a Chonnaic sé an méid oibre a bhí deanta aige ar feadh an lae. An oidhche sin chuaidh an fear go dtí sean-fhear a bhí ar an mbaile le cómhairle fhághail uaidh. Dubhairt an sean-fhear leis a dul go dtí an rí agus a chómhairle fhághail. Chuaidh sé go dtí an rí agus dubhairt seisean leis a dhul amach ar maidin agus capall maith a thabhairt leis féin agus droch-chapall a thabhairt do'n bhuachaill agus go gcuirfeadh sé féin sluagh saighdiúirí ag taobh an chlaidhe agus nuair a bheadh an fear ag dul thar na saighdiúirí buille a thabhairt d'á chapall féin agus go rithfeadh sé, agus nuair a bheadh an buachaill ag dul thar an áit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Mhuinchille
    Gender
    Female
    Informant
    Tomás Ó Muinchille
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mayo