School: Dubhthuama (roll number 14193)

Location:
Dumha Thuama, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Támhais
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhthuama
  2. XML Page 024
  3. XML “Báthadh Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit annseo a dtugtar an Mhannrach air, timcheall míle ó'n scoil ar bhruach na hAibhne Móire. Tá fearsad ann agus is ó'n Mannraigh a téigheann daoine treasna na h-abhna go Baile a' Chruaich.
    Bhí sochraid as Dúthaigh Locha ag dul treasna ann timcheall cúig bliadhna i's trí fichid ó shoin go dtí an roilig atá ag Dún Átha i mBaile a' Chruaich. Bhí deireadh an bháid ar an gcladach agus chuaidh na fir agus na mna isteach innti. Ní raibh aon cleachtadh aca ar bhád agus thiompuigh síád í agus caitheadh amach íád, fir agus mna, ins an tsáile. Tá sé an-doimhin san áit ceadna agus sroth an-láidir ann thart leis an ngob.
    Bhí na gárdaí cósta 'na gcómhnuidhe ar an Mannraigh an uair sin. Rith síad anuas. Chuir siad crúca ar rópa agus tharraing síad isteach íad. I ngeall ar na clócaí móra a bhí dá gcaitheamh ag na mná ní dheachaidh síad go tóin. Níor báitheadh acht fear óg de mhuintnir Ruadháin. Deirtear go raibh turas air go dtí an tobar beannuighthe ag an bhFál Mór. Tugadh thar gach uile ghob agus ceann é agus fuarthas ar deireadh é faoi an bhfior-uisge a bhí teacht ó'n tobar beannuighthe a raibh an turas aige air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. drowning (~292)
    Language
    Irish