Scoil: Sruthar (C.)

Suíomh:
Shrule, Co. Mayo
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Éanacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0102, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sruthar (C.)
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Scéal faoi Chiste Óir i bhFolach”
  4. XML “Scéal faoi Chiste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bpáirc in aice ár dteach, tá cloch an-mhór agus faoi an gcloich mhóir sin, deirtear go bhfuil pota óir. I bhfad, i bhfad ó shin, bhí na daoine ag iarraidh na cloiche mhóire a thógáil ón áit, agus pota óir a fhágáil freisin, ach nuair a bhí siad ag iarraidh é a thógáil ón áit, deirtear gur chuir an cloch mhór insna bpoll a rinne siad. Deirtear freisin gur chuir na sídheoga an pota óir ann, mar bhí fear insa gceanna agus deirtear gur thug sé congnamh do na sídheóga uair amháin, agus nuair a fuair an fear sin bás, níorbh féidir le aon duine eile an pota óir a thógáil ón áit sin amach.
    Muireann Ní Chonnalta, Cille
    Tom Nalty, Kille, Aged 80yrs
    Ó a sean athair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Deirtear go bhfuil trí potaí ór i bpáirc m'athar agus dúnláir a thugtar ar an bpáirc sin. Deirtear freisin gurbh ia na Tuatha De Dannan a chuir an t-ór ann. Tá sé míle nó mar sin ó Shruthar. Uair amháin bhí fear ina chónaí i nGaillimh agus chuala sé go raibh potaí ór i bhfolach i nDúnla. Tháinigh sé go Bóthar na Macha, agus do chasadh sean bhean leis. D'iarr sé uirthi an raibh fhios aici cá raibh na photaí ór i bhfolach. Theasbáin sí an óir dó, agus dubhairt sí freisin go raibh easóg in a shuidhe ar a cheann acu, cat ar cheann eile agus iasg ar cheann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mary Cahill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrowmore, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Hugh Cahill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Carrowmore, Co. Galway