School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 120
  3. XML “Pósaithe”
  4. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leó agus cuireann siad faoi an bpeiliúr nuair bhíos siad ag dul a gcodladh. Bíonn siad ag brionghlóid ar an bfear a phósfas siad
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Lá na bainise bíonn an teach go glan, deas agus bíonn na ballaí chómh ban leis an sneachta. Bíonn a lán cathaoireacha, suideachain ann agus bíonn gach rud glan réidh. Bíonn drisiúir go h-aluinn le na cupáin nua agus na rudaí eile freisin. Bíonn bórd leaghtha i lár an urláir agus ceann eile sa seomra thiar. Nuair a bhíonn a lan daoine, agus na comharsain isthig déantar tae, agus gheibheann gach aon duine tae agus annsin téigheann siad siar sa seomra. Bíonn a sáith le n-ithe aca. Nuair a bhíos a sháit ithte ag gach duine geibheann fear an tighe an fuisge agus geibheann gach duine cupán den uisge beatha no d'aon deoch eile ba mhaith leo.
    An oidhche sin bíonn na daoine ag amhráineacht agus ag damhsa. Bíonn spórt is greann a [?]. I gceann cúpla uair deantar tae áris geibheann daoine an fuisge freisin. Tugann an cailín £90 no £80 mar spre d'athair an fhir agus bíonn an sean-fhear sásta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Rabhlaigh
    Gender
    Female