School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 205
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nior fhás na prátaí ins an gceanntar seo ins an droch-saoghal mar do thóg na daoine na sgiollaín as an gcré. Bhí duine i nGríanan uair amháin agus maidean amhain ní raibh aon rud le n-ithe aige agus céárd a rinne sé ach dul amach agus a lán sgiollan a thógaint as an gcré agus dit sé iad. Nuair a bhí sé ag teact amach treasna claildhe na paírce do thuit se agus fuair se bás.
    Bhí fear agus a bhean céile ag gabhail ar an mbótar lá agus bhí an ocras ortha. Connaic siad turnipi i bpaírc agus thógadar seacht gcinn. Nuair a fritheadh an duine a thóg na turnaipi as an bpairc cuireadh seacht mbliadhain priosúnacht air.
    Tá áit ag bun an chnuic ar bhóthar Gríanain in a bhfuair bean bas leis an ocras. Tá sí curtha i bpaírc atá ar thaobh an bóthair. Tá dhá chloich ins an dtalamh annsoin agus deireann na sean daoine go bhfuil se curtha faoi na clochaib sin. Is le Mícheál Gearactaig an pháirc sin annois. Is féidir é a feicéal on sgoil seo..
    Tá ait eile ar bóthar Grianan ar a tugtar "Carraig an Fhéir Gorta" mar bhí fear a teacht abaile o'n baile mór nuair a fuair se bás leis an ocras. Tá se curtha fe an gcarraig sin agus an duine a siubhalann ar an gcarraig sin geibeann se an "feir gorta".

    Tug Eogan Mac Cormaic na sgealta seo dhom. Ta se 74 bliadain d'aois agus ta se beó fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Eoghan Mac Cormaic
    Gender
    Male