leó agus cuireann siad faoi an bpeiliúr nuair bhíos siad ag dul a gcodladh. Bíonn siad ag brionghlóid ar an bfear a phósfas siadAn Dothra BheagSarah GoldbergLá na bainise bíonn an teach go glan, deas agus bíonn na ballaí chómh ban leis an sneachta. Bíonn a lán cathaoireacha, suideachain ann agus bíonn gach rud glan réidh. Bíonn drisiúir go h-aluinn le na cupáin nua agus na rudaí eile freisin. Bíonn bórd leaghtha i lár an urláir agus ceann eile sa seomra thiar. Nuair a bhíonn a lan daoine, agus na comharsain isthig déantar tae, agus gheibheann gach aon duine tae agus annsin téigheann siad siar sa seomra. Bíonn a sáith le n-ithe aca. Nuair a bhíos a sháit ithte ag gach duine geibheann fear an tighe an fuisge agus geibheann gach duine cupán den uisge beatha no d'aon deoch eile ba mhaith leo. An oidhche sin bíonn na daoine ag amhráineacht agus ag damhsa. Bíonn spórt is greann a [?]. I gceann cúpla uair deantar tae áris geibheann daoine an fuisge freisin. Tugann an cailín £90 no £80 mar spre d'athair an fhir agus bíonn an sean-fhear sástaAnaithnidMatt Smyth