School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 101
  3. XML “Dá Lá Déag na Nollag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn feásta na Nodlag ar siubhal ar feadh dá lá déag ó Oidhche Nodlag ar an 24 adh Mí na Nodlag go dtí lá Nodlag beag ar an 6 adh Eannair. Seo h-iad na laetheannta in a mbíonn féasta mór ann, Oidhche Nodlag ar 24 adh de Mí na Nodlag, Lá Nodlag an lá in a dhiadh sin. Lá Fhéile Stiopáin, an lá in a dhiaidh sin aris. Oidhche Coille an oidhche deiridh d'en bliadhain agus lá cinn bliadna 1 adh Eanair, Lá Nodlag beag an 6 adh lá Eanair.
    Bíonn áthas ar na daoine nuair a bhíos an Nodlaig ag teacht. Bíonn síad ag glanadh ag sguabadh agus ag aoileadh falla na dtighte. Cuirtear cuileann agus eidhnean thart timcheall na bpictiúr. Nuair a bíonn an teach go deas le haghaidh na Nodlag téigheann mo mháthair go dtí Baile Mór leis 'an Nodlaig" a cheannacht. Ceannuigheann sí te, siúcra, bullóg araín, cuiríni, risíní subh, cáca mílis, agus coinneal dearg le haghaidh Oidhche Nodlag agus rudaí deasa eile. Annsin biónn gach rud réidh le haghaidh na Nodlag. Ní bhíonn aon rud gá dheánamh ach pe gnó is riactanach ar fud an tighe. Nuair a biónn sé in a oidhche cúpla uair déanann mo mháthair tae agus bíonn gach aon rud ar an mbórd le haghaidh na Nodlag. Bíonn coinnnéal mór na Nodlag ar lasadh ar an bhfuinneóig Oidhche Nodlag agus fágtar ann go maidin é cun solas a thabairt don Maighdean Mhuire a bíos ag dul thart an oidhche sin. Bíonn ár sáith le nithe againn Oichche Nodlag.
    Seo nós atá aca in-áiteanna. Sé an duine is óige sa teach a lasann an coinnéal. Bíonn trí Aifrinn againn lá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Christmas (~455)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Rabhlaigh
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo
    Informant
    Brigidh Bean Uí Rabhlaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    49
    Occupation
    35886