School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 117
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is ins an Earrach is mó a phósann na daoine san áit seo. Deirtear gur lá rathmhar is eadh an Aoine chun pósta agus gurbh é Bealtaine an mí is mí-rathmhara sa bhliadain chun pósta.
    Sul ma phósann an cailín óg an fear óg deineann a h-athair agus a máthair an cleamhnas. Téigheann an fear óg agus beirt fhear eile i gciúineas na h-oidhche go dtí teach an chailín is mian leis posadh agus suideann siad in aice teine bhréagh mhóna agus bíonn siad ag cainnt eathorra féin agus fear agus bean an tighe freisin go deas muinntearda ar chúrsaí an t-saogail - chomh dar is a tá gach rud agus an caoí in a bhfuil an Dáil ar siubhal i mBaile Atha Cliath. Sa deiread thiar thall stadann an cainnt agus seasan duine de na fearaibh i lár an urláir agus cuireann se in iul d'athair agus dá mháthair an chailín an fáth gur tugadar cuairt ortha agus is annsin a tosnuigheann an cleamhnais.
    Thosnuigheann athair an chailín ag moladh a inghine - chomh maith agus chomh glan is atá sí, comh cneasta agus chomh lágach is atá sí agus rudaí mar sin. Annsin deireann na fir go bhfuil an óg fhear chomh maith leis an gcailín dá bhfeabhas í agus rud eile, go bhfuil teach bréagh aige agus feilm mór fairsing. Annsin geallann an t-athair go mbearfaidh se a ingehan do agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Brigidh Ní Chuimilín
    Gender
    Female
    Address
    Gort, Co. Mayo