School: Grianán (roll number 13178)

Location:
Greenans, Co. Mayo
Teacher:
Máiréad Bean Uí Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Grianán
  2. XML Page 128
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé Pont-Abhann an t-ainm atá ar an mbaile ina bhfuil mo theach sudhthe. Cuireadh an t-ainm sin air mar tá Pont-Abhann in aice le droichead Pont-Abhann, áit ina thagann Loch Conn agus Loc Cuilinn le chéile. Tá sruth eadorta fe'n ndroicead. Tá mo theach suidhthe i bparroiste Turloch agus i mbarunthact Carra. Tá timcheall oct dtighthe in mo bhaile anois, tá díon tuighe ar chúig cinn agus dínon slinne ar thrí cinn.
    Tá tríur sean-duine os cionn 70 mbliadna ann. Eiblin, Bean Uí Giobúin agus Nora, Bean Ní Giobúin Pont-Abhann, Beál Easa, tá siad in ann scéalta a innsint i nGaedhilg. Mo shean-mhathair Sorcha, Bean Uí hÉalaigh tá sí in ann scéalta a innsint i mBéarla.
    Tá áilneacht ar leith ag baint le Pont-Abhann. Deintear a lán iascaireachta i Loch Conn agus Cuilinn. Téigheann a lán daoine ó Shasana agus ó Aimeirca cun Pont-Abhann á fhéiceal. Tugtar " Cill Áirne an Iarthair " uirthi. Tá dhá theach ósta i bPont-Abhann, Teach Ósta na n-Iasgaire agus Teach Ósta Droicead Pont-Abhann.
    Tá teach i Pont-Abhann darbh ainm " Pontonn Lodge ". Fadó thug Lord Lucan airgead chun an teach a thógaiL. Díol sé an teach don Tighearna Clanmuiris (-) feabhas air. Nuair a bhí se in-a chomnuidhe annsin ar feadh trí mblidadhan déág díol; sé an teac do mhuinntir De Bron.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Pontoon, Co. Mayo
    Collector
    Caitlín Ní hÉalaigh
    Gender
    Female
    Address
    Pontoon, Co. Mayo