School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 01_025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 01_025
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an sórt biadh a bhíodh ag na sean daoine fadó ná fataí, iasc, min-choirce, agus min-buidhe. Do bhíodh na fataí aca trí huaire sa ló. Do theighidís amach ar maidin ag an gcladach 'na dtroscadh agus nuair bhíodh na ba blighte ag na mná thiubhraidís amach na fataí aca agus bainne freisin. Ní bhíodh mórán plúir ag na daoine an uair sin mar bhídís bocht agus freisin bhíodh an plúr gann. Ghnídís cácaí as na fataí tré na sgríobadh, leí scréiper le na fáisgeadh agus a leathnú ar éadach agus annsin é bhruith agus buc a thiubhraidís ar na cácaí a dheinidís mar sin. Ní bhíodh mórán feola aca chor ar bith fadó agus na daoine a mbíodh béile feola aca is caoir fheoil úir a bhíodh aca. Bhíodh iasc go minic aca mar bhíodh na fir ag iascach langaí, crudain, sgadáin, agus balachan. Ní bhíodh aon bhia áirithe aca ar ócáidí speisialta. Bhíodh trí nó ceithre uibheachaí ag gach duine Domhnach Cásca. Ní bhíodh aon chupáin ag na sean daoine fadó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chonceanainn
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Seán Ó Chonceanainn
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe