School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 08_003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 08_003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 08_003
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Níl aon oidhche Mhárta dár tháinig 'riamh nach marbhóch' mártan, mart nó caora. An chéad bhean a bhí aige ' riamh níor chuir sí suas ghan mart a mharbhú'. Fuair sí bás agus bhí mac aici darbh'ainm Conn! Phós sé bean eile annsin, agus nuair a thainig oidhche Mhárta chuir sí suas d'on mhart a mharbhú?
    Thug mártan isteach an mart agus marbhuigh sé é gan bhuidheacas dhi. "Go dtachtaidh an diabhal", ar sise, "an chéad duine a íosfas greim dhi". Chuir mártan píosa do'n mhart síos sa phota dhá bhruth, agus d'fhreastal sí é fhad is bhí sé a'bruth. Nuair bhí sé brute thug sí an pota sa seómra. Sé an chéad rud a rinne sí greim de a chur i na béal agus thacht an greim í. B'fada le mártan a bhí sí sa seómra agus chuaidh sé sa seómra agus fuair sé tachtaighthe i. "Is fior sin ", a dtubhairt mártan " bíonn uair na h-athchuinge ann." "Sin é an eascaine a rinne sí an chéad duine díosfadh greim d'en feóil i dhá thachtadh." Cuireadh an lá 'na dhiaidh sin í. Nuair a bhí fear an thighe agus a mhac ag ithe a shuipéar, tháínig sí ag an doras arís. Bhuail sí ar an doras agus leigeadh isteach í. Chuaidh mártan sa seómra le faithchios agus chuaidh an mac ar chúl
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Meachair
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway
    Informant
    Bartle Ó Meachair
    Gender
    Male