School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 06_020
  3. XML “Laethanta Áirithe”
  4. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhearradh Dia Luain. Níl sé ceart dár le daoine gruaig a bhaint amach ná caoirigh a bhearradh ins an gCincís mar a mbéadh ceann amháin bearrtha agat ar dtús. Deir siad dhá mbainfí gruaig do dhuine ná do chapall ins gCíncis go mbeadh an duine agus an capall básuighthe roimh an gCincís arís. Níl sé ceart a dhul i dráigh ag baint feamainne na cabharleach Luan cásca ná aon síol a sháthadh. Bhí daoine fadó ann luan cásca agus bhain siad feamainn agus sháith siad síolta acht má sháthadh féin níor fhás aon cheó aca ortha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Níl acht aon táilliúr amháin ins an oileán anois agus ní raibh ann le fada an lá acht aon táilliúr amháin. Nuair a gheobhadh an sean-táiliúr bás is é a mhac gheobadh an cheird na dhiadh nó a inghean nó duine éigin dhá chuid gaolta. Bhíodh an sean táilliúr ag dul ó theach go teach ag déanamh éaduighe. Ní bhíonn an táilliúr atá anois ann ag imtheacht chor ar bith mar is tailliúr óg atá ann fós.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Lisín, Co. Galway
    Informant
    Bairtle Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Lisín, Co. Galway