Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. Galway
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 01_024
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá reilig san oileán. Is iad na h-ainmneacha atá ortha ná Teampall Cheanannach agus An Sean Teampull. Tá teampull Cheanannach suidhte ar thaobh do laimhe clé ag déanamh anoir ar Bhaile an Mhóchair. Tá an Sean Teampull suidhte thíos ar an Muirbheach istigh i bpairc cothrom. Cuirtear daoine i dteampull Cheanannach ach ní chuirtear aon duine sa Sean Teampull anois. Tá cuma chearnógach ar Theampull Cheanannach agus tá leacracha agus mataí? ins an Sean Teampull agus mar sin tá cuma chruinn uirrí. Tá fothrach istigh i dTeampull Cheanannach agus ní chuirtear aon daoine istigh ann. Tá cuma leibhéalta uirri. Tá crann ......... ag fás istigh sa bhfothrach. Tá croiseanna os cionn daoine atá curtha istigh inntí. Cuirtear na leanbhaí nach mbíonn baistighe ar 'Chreig na Leanbh'.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Concanon
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceathrú an Teampaill, Co. Galway