Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    237

    Dó fuair an scéal seo
    Ó
    Domnaill Uí Gallcobair,
    Gortha Mora,
    Na Dunaib.
    Tá na fear sin 60 bliadain dó aois fuair sé an scéal sin [?] athair. Furas an scéal sa'n bliadain 1911.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ainmhidhte Allta.
    Tá cuid mhór cineal ainmhidhte allta ann agus tá ainm air gach cionn de na h-ainmhidhte sin. Seo cuid de na ainmhneacha, mar tá, an madadh ruadh, an mactíre agus ainmhidhte eile mar sin. Ta an madadh ruadh iongantach crosta mar itheann sé cearca agus lachan agus géacha agus rudaí mar sin. Oidhche amháin chonnaic mé madadh ruadh na sheasamh sios ag cró na gcearc, agus é ag amharc isteach ar pholl beag a bhí ar an doras. Thug sé cúpla iarraidh le fághail isteach acht bhí an poll ró bheag aige agus damharc sé gach huile áit ar an cró go bhfeicfeadh sé an dtiocfadh leis faghail isteach acht ní rabh sé áit ar bith aige le faghail isteach acht ní rabh garr dó ann agus b'éigean dó imtheacht. Bhí sé ag amharc thall is a bhfos go bhfeicfeadh sé an rabh áit ar bith aige le fághail isteach ann go maidín. Sa deireadh chonnaic sé cró agus bhí sé fosgailte agus chuaidh sé fhad leis go maidín. Bhí cuid mhór cearca sa cró agus níor fhág sé oiread agus cearc sa cró nar ithe sé. Nuair a thainig bean na gcearc fhad leis an cró cuaidh sí isteach agus cuaidh sí thart gach h-uile áit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Giolla Bhrighde
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Giolla Bhrighde
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall