Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean fhocail.
    Tá cuid mór sean focal ag na daoine fá’n áit seo. Tá sean fhocal fá’n áit deir siad “Is doiligh bríste a bhaint dó tóin tarnocht, nuair a bhíonn duine tarnocht deir siad é. “Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é. “Féar gan píopa fear gan [sgétt]? sgithiste, bean gan leanbh bean gan léithscéal. Tá sean fhocal eile, “Tá an t-am agat sa a bheith ag cur súitche ar dó chrochadh féin. Déireadh na sean daoine sin le fear no bean a mbéadh an t-am aca pósadh agus teach úr a cur suas dobhtha féin. “Bíonn gach [tosnú]? lag, bíonn gach rud lag ar tús. “Dó réir an céile dhéantar na caisleain, caithfear na caisleain a dhéanadh dó réir a chéile. “Is féarr an t-slainnte ná na tainte ar chnoc, “Is fearr do dhuine an t-slainte bheith aige na tainte bheith ar chnoc, “Is trom an t-ualach an t-ocras, mar nuair a bhíonn ocras ar dhuine tá sé comh h-olc is dá mbéadh ualach trom ort is gan ocras ar bith. “Can eadh lá na gaoiste lá na sgoilbh. Deir na sean daoine sin nuair a thig lá gaoithe móire. “Nuair a bíonn spotanna gorma sa’n spéir oidhche ghealaigh deir siad go bhfuil cladach thart fa’n ghealach. “Nuair a bhíonn duine ag imtheacht áit ar bith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Brodlaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gorta Mór, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Laithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    An Baile Úr, Co. Dhún na nGall