Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luibheanna.
    Fásann cuid mhór luibheanna ins an talamh fa’n áit seo agus fásann cuid aca i dtalamh maith agus fasann cuid aca i dtalamh olc. Gnidheann cuid de na luibheanna an talamh saidhbir. Fasann cál gortach agus fríd an coirce agus milleann siád é. Fasann súiliní buide fríd na préataí agus milleann siad na préataí ar na daoine. Fásann na suiliní buidhe ins na turnaipí, fosta agus fosta fásánn cál gortach ins na turnaipí. Fásann na ballain bhuidhe ins na páirceanna agus fásann coll fáitche cois na gclaidhtheach. Tá gáirleog ag fás ins na cuibhrinn agus tá sé maith fá choinne an t-slagan. Fásann raitneach cois na abhann agus ins na cuibhrinn agus ait ar bith a mbíonn sé, ní fhasann féar ar bith. Fásann bachran ar na carraigeacha ins an Earrach agus fosta fásann sé i n-áiteacha boga. Má iteann bó báinne gairleog bíonn blas na gairleoige ar an bhainne go cionn seachtmhaine na dhiaidh sin. Tá bachrann iongantach maith fá choinne gach cíneal aicideacha a léigheas agus baineann cuid mhór daoine é ins an Earrach. Dá mbéadh an talamh treabhta cúpla uiar indiaidh a chéile ní fhasfadh na luibheanna níos mó. Bíonn bhuaidhreadh iongantach ag na feirmeoirí ag congbhail na luibheanna as an talamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Buadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó hOireachtaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall