Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 197
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósaidhthe.Ins an am i láthair deir na daoiní go bhfuil sé mío-adhbarach pósadh i mí na Bealtaine. Ins an t-sean am ba gnáthach leis na daoiní pósadh i lár an Gheimhridh acht ní phósann siad anois go dtí an Samhradh. Deir na daoine gur [naireach]? an radhart a bheith pósta in eudach glas. Caithear eudach bán anois no deir na daoine nach mbéadh lá buadhartha ort fhad agus bíonn tú pósadh in eudhach bán. Deir na sean daoine gur pósadh bean in eadach dhearg agus go dteachaidh sí as a stuaim agus seachtmháin ó’n lá sin bhí sí ins an Teach Mhór. Máidin Sathairn amháin ins an t-sean am nuair a bhí an lánamhain ag créitheadh lamha bualadh le soillseach iad agus na sean daoine a bhí ina seasamh thart dubhairt siad nach rabh dúil ar bith aca ins an t-soillseach agus b’fíor dóbhtha no cuireadh an fear. Mí comhthrom o’n lá sin. Deirtear fósta ma chuireann sé ort an lá sin go ndóirtfidh tú cuid mhór [deora]? Ma phosann tú ar an Aoine deirtear go mbéidh do [shrogha]? ar [síala]? a bheith reaithte. I bhfad ó shoin shiubhail na daoine go dtí Teach Phobail acht ní mar sin atá anois no téigheann siad ar gluaisteann go dtí Teach a’ Phobal agus bíonn brait de gach seort ináirde acu agus nuair a thiocfadh siad abháile bhéadh an tábla lán de gach séort(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gráinne Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall