Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas i dtaoibh na h-aimsire Nuair a bhíonn storm ag teacht, eirigheann an spéir iongantach dubh, theigheann an ghrian i bhfolach, eirigheann fáinne mór thart ar an ghealach, agus biónn na réalta iongantach geal. Nuair a biónn scamaill geala le feiceail ins an spéir sí comhartha olc, agus fosta nuair a bhíonn scamaill dhubha ins an speír sin é comhartha olc fosta. Nuair a bhiónn an madadh in a luighe ar a dhruim no ag ithe feír is comhartha baistighe é. Fosta nuair a bhíonn na h-éanacha ag eiteall go h-íseal sé comhartha droch aimsear é. Fosta nuair a bhionn na géacha fiadhaine le feiceáil in a dha dhream bheag ag tarraingt ar na cnuic, is comhartha mor fearthanna é. Nuair a bhionn an cat in a shuidhe agus a dhruim leis an teinidh, bíonn fhios agat go bhfuil storm ag teacht. Nuair a bhíonn sneachta ag teacht téigheann na caoirigh uilig isteach faoi na carraiceacha agus fanann siad annsin seachtmhain roimhe an tsneachta. Nuair a bhíonn storm toirnighe ag teacht éirigheann an spéar geal fosta nuair a bhíonn na cnuic iongantach dúinn is comhartha olc e.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cathal Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall