Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 190
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna
Leath mharbh, leath bheo, agus ruball ag cráitheamh. Freagra, Madadh agus a ceann i bpóta aige. Ta rud beag ar an bháile seo agus caitheann sí beilt da gcuid feín. Imthigheann fear eadar dhá adhmáid agus tiocann sé arais eadar dhá uisce. Freagra, fear ag gabhail fa choinne stópaí uisce agus ag teacht leis an uisce. Páiste i mullach páiste agus gan greim ar bhíth ionnta Freagra, Cábaiste. Imthigheann fear i mullach an talaimh, agus tigeann sé arais faoi an talamh. freagra= fear a teacht agus móin ar a cheann. Ta ruball air mar luchóg agus ceann air mar mhearcán. freagra= píopan. Rud lán agus coinnigheann sé tuilleadh. freagra= póta préataí nuair a chuirtear uisge isteach ann. Ceithre cosa síos ceithre cosa suas cruaidh thart ar an imeall agus bog i lár freagra leabaidh. cad chuige an amharcann an gréasaidhe isteach sa bhróg. Freagra=mar nach dtig leis gabhail isteach inntí. An fear a gnídheann é ní chaitheann sé e agus an fear a chaitheann é ní fheiceann sé e. freagra= cónair. Cailleach bheag ag bun bheinn an toighe ag ceól freagra=brachán. Tá rud beag sa teach seo agus an mhéid chaitheann sé de agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eamónn Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall