Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 213
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ag cur préataí agus coirce. Fosta ins an t-Samhradh bíonn sgaiste mór aca amuigh ag buachailleacht, agus bíonn siad ag déanamh gach cineál cleas le na chéile, agus fosta leis na daoine amach a bhaint mónadh ar na cnuic.
- Bréagáin agus caitheamh aimsire.Tá cuid mhór caitheamh aimsire ag na páistí tart fá’n áit seo ins an am i lathair. Sé an caitheamh aimsire is bhfearr leis na páistí na ag imirt liathroid coise. Bíonn an chuid is mó aca ag déanamh badaí stáin agus annsin bíonn spórt mor aca ag cur iad sin amach ar loch. Bíonn siad fosta ag cur gaistí agus gheibh siad coiníní corr uair. Gheibh siad éanacha fosta ins an Gheimhreadh nuair a bhíonn an sioc agus an sneachta ann. Bíonn sport mór ag na gasraí ins an Gheimhreadh nuair a thig an sneachta. Bíonn siad ag déanamh fir sneachta agus ag caitheam an t-sneachta ar a chéile fosta. Ins an t-Samhradh nuair a bhíonn an aimsear teith agus tirim bíonn na páistí fá’n áit seo ag sugradh ins an ghaineamh agus rud eile bíonn siad ag déanamh caisleain ins an ghaineamh fosta. Is iomdha spórt a thig leis na pháistí a bhéith aca ins an t-Samhradh ar shiubhal ag cuartughadh neadrach agus ag cruinniughadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall