Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 168
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do fuair an sgéal seo.
o,
Padraig O Gallcobhair,
Dhoire an Chasáin,
Na Dúnaibh,
Tír ChonaillTá an fear seo 68 bliadhain d'aois. - Daoine cáileamhla.Ins an t-sean aimsir bhí cuid mor daoine cáileamhla in Éirinn. Chuid de na daoine is láidre a bhí ins an áit seo. Brian Mac aghiolla Chearr, Murlog, Na Dúnaibh, agus Sean O Gallchobhair, Árd Bán Na Dúnaibh, agus Tuathail Ó Dubhthaigh, Gleann Raothaigh, Tráigh na Rosann, Tír Chonaill. Bhí fir reatha ins an áit seo fósta agus ba e Éamonn Mac Laithbheartaigh, Dumhaigh Na Dúnaibh a b’fearr ag reathtail. Is iomdha rása a ríth sé agus uair amháin ríth sé ó Dhumhaigh go dtí Carraic Áirt agus ní rabh sé tuirseach. Bhí fear eile ins an áit a bhí maith ag reaththáil dar’bh ainm, Pádraig Mac Láitbheartaigh, Dumhnigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill. Uair eile bhí Éamonn Mac Laithbheartáigh amuigh ar rása le fear darbh ainm Séamus Ó Dubhthaigh Carraic Áirt Tir Chonaill, agus bhí an bhuridh ag Éamonn. Bi chéad slat an fháid de’n rása agus níor ghlac sé Éamonn acht deich [setúnd]?. Bhí fear eile darbh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall