Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Filí an Bhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bá iad seo na filí a bhfearr dó bhí fa'n bhaile seo ar bith. Mar bhí Micheal Ó Gallchobhair as Gortamóra tá sé marbh le deich mbliadhna. File iongantach maith a bhí ann. Ní rabh sé ar an sgoil ariamh agus ní rabh sé ábalta scríobadh nó leigheadh. Cuireadh é sa'n roilig i gCarraic Áirt. Bhí sé ag iasgaireacht agus fosta ag feirmeóireacht. Bhí sé maith ag déanamh filidheacht agus fosta ag déanadh amhran. Chum sé dán darbh ainm "Nuair a bhí mise óg," agus fosta amhran darbh ainm, "Trathnóna deas ciúin sa'n Fhoghmhar." Thiocfadh leis dán a chumhadh gan trioblóid ar bith agus mar a gcéadna amhran a dhéanadh. Bhí dúil mór ag gach duine ann nó bhí sé iongantach pléisiúrdha. Bhí fear eile ann a bhí maith ag filidheacht darbh ainm Micheal Ó hOireachtaigh as na Dúnaibh. Tá sé marbh le fiche bliadhain. Ní rabh sé ar an sgoil ariamh acht bhí sé maith ag filidheacht. Cuireadh é sa roilig (?) igCarraic Áirt. Bhí sé maith ag iasgaireacht. Rinne sé cuid mhór dántaí in a am, agus fosta cuid mhór amhran. Racadh sé amach sa'n oidhce agus shiubhalfadh sé anoir agus anall an (?) bealach mór ag déanadh amhran agus dantaí. Ní rabh morán meas air san áit. Bhí fear eile darbh ainm Seán Mac Laithbheartaigh ó cnoc Mór mait (?) fosta ag déanadh filidheacht. Bhí sé ar an sgoil agus bí sé ábalta scríobadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Breandain Mac a Bháird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac a' Bháird
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall