Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas i dtaoibh na h-aimsire.Sé comhartha olc é nuair a t-chíonn tú fáinne thart fa dtaoibh dó'n ghealach. Nuair a t-chíonn tú na geacha fiadhna ag gabhail siar go dtí an áird thiar bíonn fhios ag na daoiní gur sin droch comhartha. Nuair a bhíonn lasógaí gorma ar an teineidh sin é droch comhartha. Nuair nach mbíonn morán réaltógaí ins an spéir sin é droch atá le theacht. Nuair a bhíonn ceo ar bhárr na gcnoc sin é droch chomhartha. Nuair a t-chiónn muid an tóit ag gabháil in airde direach ins na tóigthe biónn fios againn gur sin é droch chomhartha atá le theacht. Nuair a bhíonn na ba amuigh mall ins an óidhche agus iad ag buidhrigh sin é comhartha olc. Nuair a bhíonn loinnir ar na carraiceacha indiaidh é a bheith ag cur fearthanna sin é droch chomhartha. Na cnuic atá i bhfad uainn agus nuair a bhíonn siad comhgarach dúinn sin é droch chomhartha. Ins an oidhche indiaidh na daoine a ghabháil a luighe agus na cáit ag caoineadh sin é comhartha maith. Nuair a bhíonn bun na spéire deas dearg ins an trathnóna sin é comhartha maith. Sé comhartha maith é an speír a bheith deas gorm. Nuair a bhiónn tóit ag éirghe as an talamh sin é comhartha maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall