Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1078, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    231

    Fuair mé an scéal seo.
    Ó
    Éamonn Ó Siadail,
    Na Dúnaib,
    Tír Conaill.
    Fuair m Ta an fear sin 70 bliadain do aois. Fuair sé an sgéal sin nuair a bí se óg Fuaras an scéal sin san bliadain 1821
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ainmhidhte Allta.
    I bhfad o shoin bhí cuid mhór ainmhidhe allta sa'n áit seo mar go rabh an áit lán coillte. Thiocfadh siad isteach ar na simleoirí agus bhéarfadh siad leobhtha bainne agus arán agus chuirfead siad i bhfolach iad faoi mhóin, go dtí go bhfuigheadh siad am le theacht fá na gcoinne arais. Amanna eile rachadh siad go dtí cró cearc agus dá mbéadh an doras glasta hrisfeadh siad isteach fríd an fhuinneóg agus bhearfadh siad leobhtha cearca, lachain, agus géacha. Itheann an madadh ruadh agus an leomhan agus an tuigear feoil. Nigheann na coiníní dochar mór ar an ghort. Téigheann siad isteach i gcruach chochain agus bheireadh siad leobhtha an cóchan. Bíonn áit comhnuidhe ag na h-ainmhidhe go léir. Bíonn an coinín na comhnuidhe i bpoll faoi an talamh bíonn an giarrfiadh na comhnuidhe i bpoll faoi charraic ins na cnuic Tá an coinín an mhaith le h-ithe. Deireann na daoine dá mbéadh sparán agat de croiceann easóg cá bheithea am ar bith gan airgead.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Uí Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Manus Mac Giolla Bhrighde
    Inscne
    Fireann
    Aois
    90
    Seoladh
    Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall